Gaois blog (keyword: Éirí Amach 1798)
Many blog posts available in Irish only
Éirí Amach 1798 agus Béaloideas Oirdheisceart na Tíre
September 16, 2016
Bhí 1798 ar na blianta ba thábhachtaí i stair na tíre seo agus is cinnte gur fhág imeachtaí na bliana sin a lorg ar bhéaloideas oirdheisceart na tíre. Idir scirmisí, chathanna, laochra agus bhithiúnaigh, faightear an-léargas ar imeachtaí agus ar rannpháirtithe áirithe na gcontaetha seo i mBailiúchán na Scol.
Seanchas Chontae an Longfoirt
June 15, 2016
Tá a lán le foghlaim faoi nósanna agus faoi shaol mhuintir an Longfoirt ón réimse leathan scéalta a bailíodh sna 1930idí. Mar shampla, bhí an-bhaint ag an Longfort le himeachtaí Éirí Amach 1798. I mí Mheán Fómhair na bliana sin shocraigh an Ginearál Humbert go rachadh sé chun comhraic le fórsaí na Breataine i mBéal Átha na Muc i dtuaisceart an chontae, gar do Cho. Liatroma.
Bailiúchán na Scol – Scéalta ó Chontae Laoise
November 25, 2015
Tá stair shaibhir ilghnéitheach ag Contae Laoise a théann siar i bhfad. D’fhág gach ré a rian ar an gcontae – na taoisigh Ghaelacha, na Normannaigh, na manaigh, na hÚgónaigh, na tiarnaí talún agus lucht Chonradh na Talún. Ní haon ionadh go leagtar béim ar chúrsaí talún agus cumhachta sna cuntais a fhaightear sna seacht n-imleabhar déag ó Chontae Laoise i mBailiúchán na Scol.
Scéalta spéisiúla as Cill Dara
May 14, 2015
Tá dlúthbhaint ag Co. Chill Dara le Naomh Bríd agus is as an láthair eaglasta a bhí aici a ainmníodh an baile agus an contae, agus tá a rian fágtha ag Naomh Bríd ar ábhar Chill Dara i mBailiúchán na Scol chomh maith.